School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 202

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 202

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 202
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach - Gort Glas, An Loch”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa chomharsanacht Cill-an-Disirt tá loch ar a dtugtar Loch an Ghuirt Ghlais agus agus oileán beag 'na lár. Bhí feirmeóir na chomhnaidhe inaice an locha. Aon oidhche do dhein sé taidhbhreamh go raibh ór i bhfolach ins an oileán in uaimh ann, agus inniseadh dó lathair na h-uaimhe.
    Do dhein sé mar dubhradh leis aon oidhche ar uair an mheadhon oidhche. Do thug sé aghaidh ar an oileán 'na aonar. Bhíodh daoine ag iascaireacht ins an loch an t-am sin agus b'fuiriste an rud dó bád d'fhagháíl. Nuair abhí sé ag deanamh ar an oileán d'airigh sé fothrom uathbhásach fé mar bheadh sluagh daoine ag troid le na chéíle.
    Do stad sé ag rámhadh agus do thosnuigh sé ag éisteacht. Thánaig tamall beag suaimhnis ar an gleó go léir. Do reír mar do cheap sé bhí daoine ann agus iad gá iarraidh daoine eile do chiúiniú le bladar. Fe dheire cuireadh críoch leis an bhfothrom ar fad.
    Annsan do dhein sé machtnamh. Dubhairt sé leis féín gur mhór an truagh é gan iarracht eile do dheanamh chun an óír d'shrois. Do thosnuigh sé ag rámhadh arís agus má thosnuigh do thosnuigh an fothromh ar an oileán céád uair níos measa ná mar abhí sé ar dtúais. Do cheap sé gur airigh sé an loch agus an talamh timcheall air ag craith le neart an fhothrimh go léir. Ní beag san do.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Padraig Cioráin
    Gender
    Male
    Age
    68
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ballyvohane, Co. Clare