Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 288

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 288

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 288
  3. XML “Na hOileáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cuirtear an cloch aoil agus feamnach mar leasú ar an dtalamh. Tá fotharacha dhá teampall ársa le feiscint fós. Tá an ceann is mó ar an dtaobh thoir de'n oileán agus chuir Naomh Brendan ar bun é timcheall 540.
    San mbliadhain 1580 bhí sean caisleán ann leis na Bríanachaibh abhí na gcomhnaidhe i mBaile Corraighe.
    Fínis
    Baineann an t-oileán seo le paróiste Coradh Cáitlín. Chuir Naomh Seanán teampall agus manistir ar bun acht níl aon rían dóibh le feiscint anois. Innistear i mbeatha Naoimh Seanáin go raibh Clochar Dé Mná Riaghalta ann le na linn féin. Bhí caisleán ann in 1580 le Brian Mathghamhna. Sé an leas ainm abhí air ná Brian na bForfhaire. Deirtear gur leagadh fallaí an Chaisleáin sin chun portú na h-abhann do dheanamh
    Inis Lú
    Oileán Athasach
    Níl an t-oileán seo acht an tríomhadh cuid i dtoirt de Inis Coiníní. Tá 85 acraí talmhan ann. Chuir Naomh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáitlín Ní Maoláin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Seoladh
    Cill an Dísirt, Co. an Chláir