School: Cúl an Bhuacaigh (roll number 10471)

Location:
Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
Teacher:
Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 064

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 064

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúl an Bhuacaigh
  2. XML Page 064
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt fhear i bpríosún. Bhí duine aca ó Bhaile-Mhúirne agus bhíodh sé i gcómhnuidhe ag guidhe cun Naomh Gobnait agus deareadh sé.
    "A Gobnait mhúinte ó Bhaile-Mhúirne tóg as an bpríosún mé."
    D'freagradh an fear eile é mar seo
    "Beidh sí id chúram.
    Níor stop an fear ó Bhaile-Mhúirne dá phaidreóracht agus oidhche amháin tháinig Gobnait Naomhtha agus d'oscail sí geata an príosúin agus leig sí amac an fear Naomhtha. Nuair a chonnaic an fear eile cad a bhí deanta aice chaith sé é féin ar a glúinibh is do thosnuig sé ar urnaighe agus deireadh sé an rud ceadna is a deireadh an fear eile ach d'freagradh Naomh Gobnait é le. "Beidh mé id chúram." Is ansan a chonnaic sé an díobháil a bhí deanta aige do féin. Ní raibh an bóthar mór deanta in-aon-cor an uair sin agus nuair a leigeadh amac as an príosún an fear sin tháinig sé an seana-bóthar agus nuair a shrois sé Beal an Ghearrta tháinig sé ar a glúinibh is do siubhal sé ortha ansan go dtí an seana teampall mar pionós ar an bpeaca a dhein sé.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Ceallacáin
    Gender
    Male
    Address
    Leac Fhínín, Co. Cork
    Informant
    Brighid Bean Uí Corcora
    Gender
    Female
    Address
    Tonn Láin, Co. Cork