School: Cúl an Bhuacaigh (roll number 10471)
- Location:
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
- Teacher: Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl an Bhuacaigh
- XML Page 016
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ann fadó agus do fuair a athair bás do chuaidh sé go dtí an sráid a d'iarraidh fuisgí i gcóir an tóraimh, do thug sé oct ngalún leis, an méid a bhí ag fear an tábhairne, bhí an fuisgí aige istigh i gcrúiscín.
Nuair a bhí sé ag teacht abhaile do casadh cómharsa air ar an mbóthar agus chapall agus trucaill agus dhá crúiscín aige.
D'fhiafraigh an cead fear de cá raibh sé ag dul.
Dubhairt sé leis "do chailleadh m'athair aréir agus táim ag dul ag iarraidh fuisgí i gcóir an tóraimh."
"Ná téighir a thuille arsan cead fear mar níl a thuille fuisgí sa tigh tábhairne" ní raibh ach aon tigh tábhairne amháin sa t-sráid.
"Is olc an sgeal é sin arsan tarna fear, cad a dheanfar anois," do thabharfainn leath de'n mhéid atá agam duit dá bfeadfaimíd é thómhas sa cheart," arsan cead fhear.
"Feadfaimd go breagh", arsan tarna fear, "agus go raibh míle maith agat."
Do bhí crúiscín trí galún agus crúiscín cúig galún folamh sa trucaill.
"Conus feadfaimíd é deanamh", arsan cead fear, "líonfaimíd an crúiscín trí galún, caithimíd isteach sa crúiscín cúig galún é. Líonfaimíd an crúiscín trí galún agus as san líonfaimíd an crúiscín cúig galún agus beidh galún fághtha sa crúiscín trí galún. Caithfimíd isteach an crúiscín cúig galún san crúiscín oct ngalún.- Collector
- Cáit Ní Mhuimhneacáin
- Gender
- Female
- Address
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
- Informant
- Seán Ó Muimhneacáin
- Gender
- Male
- Address
- Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork