School: Cúl an Bhuacaigh (roll number 10471)

Location:
Cúil an Bhuacaigh, Co. Cork
Teacher:
Cáit, Bean Uí Chathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 014

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 014

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cúl an Bhuacaigh
  2. XML Page 014
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean dhe mhuinntir Loinnsigh pósta thoir ag Carraig a 'Giolla fadó. Séan na Scáile a thugaidís ar a fear agus duine olc dob' eadh é. I gcionn cúpla bliain do fuair an bhean bás agus d'oir do Seán í cur i gCuillinn i dteannta a mhuinntir feín ach d'oir di siúd í cur i mBaile Múirne.
    D'airigh a muinntir go raibh sé cun í breith go Cuillinn le lámh laidir lá na socraide. Bhí eagla ar muinntir Loinnsigh ná beidís láidir a ndóthain cur í baint de'n mhuinntir thoir agus dubhairt muinntir Thuama go raghaidís leo cé go mbíodh muinntir Thuama agus muinntir Loinnsigh ag gábhail ar a céile i mBaile Mhúirne do cabharaidís le céile i rud mar sin.
    Ní raibh fear bean ná páiste de mhuinntir Loinnsigh ná raibh thoir lá na socraide. Do rugadar bean caointe leo. Bhí poírsín idir an dá thig agus an bóthar mar a thugad an cómhra síos. Bí eagla ar muinntir Shéain nuair a connaic siad go raibh arm de mhuinntir Thuama agus muinntir Loinnsigh ag teacht agus siar go Baile Mhúirne a chuaidh an socraid.
    Seo cud de'n caointhe a bhí ar siubhal aca:-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Loinnsigh
    Gender
    Female
    Address
    An Rathúnach Thoir, Co. Cork
    Informant
    Diarmuid Ó Loinnsigh
    Gender
    Male
    Address
    An Rathúnach Thoir, Co. Cork