Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 13942)

Suíomh:
Mullach, Co. an Chláir
Múinteoir:
Tomás Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 519

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 519

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 519
  3. XML “Scoileanna Scairte”
  4. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i lár an rang in-a suidhe ar blocanna adhmaid agus suidheadh na scoláirí mór-thimcheall ortha. Bhíodh píosaí móra adhmaid ag na páistí mar bínsí. Scríobadh na scoláirí le cleití géanna. Scríobhaidís ar slinne a bhíodh ar a nglúinibh aca. Ní bhíodh aon leabair aca, acht bhí leabhar amháin ag an maighistir agus múineadh sé na páistí as an leabhar sin. Múineadh sé Gaedhilg, Stair agus Áireamh dos na páistí. Bhí an Ghaedhilg go maith ag na páistí agus bhídís á labhairt mar bhí meas mór aca uirthi. Gheibheadh na múinteóirí cúpla scilling ó na daoine. Níl rian na scoile ann anois.

    (Séan P. Ó Baoighill, Coillte)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Seana-Cheardanna
    Coinnle
    Dheineadh na sean-daoine coinnle sa mbaile fadó. Nuair a mharbhuighidís caora gheibhidís an bhlunog. Bhíodh dealbhadán aca agus chuiridís snáth-olna isteach trí an dealbhadán mar bhuaiceas. Annsan dheinidís an bhlunog do laigheadh agus líonaidís isteach sa dealbhadán í. Nuair a bhíodh sí cruaidh thógaidís amach í. Is mar sin a dheineadh na sean-daoine coinnle fadó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.