Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 13942)

Suíomh:
Mullach, Co. an Chláir
Múinteoir:
Tomás Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 514

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 514

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 514
  3. XML “Snámhaí Maith agus Bádóir Cáiliúil - Tomás Ó Baoighill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá cáil mhór ar fhear atá in-a chomhnuidhe annso i sráidbhaile ar a dtugtar Coillte i dtaobh an méid daoine do shábháil sé ó'n bhfairrge. Tomás Ó Baoighill is ainm dó. Do shábháil sé fiche duine a bhí i mbaoghal báidhte ar an bhfairrge.
    Rugadh é sa sráidbhaile timcheall ceathrachadh is seacht de bhliadhanta ó shoin. Nuair a bhí sé óg d'fhoghluim sé cionnus snámh do dhéanamh. Nuair a bhí sé ocht mbliadhna déag do chuaidh sé ar loingeas Shasana an fhaid a bhí an Cogadh Mór ar siubhal. Báthadh a long Chogaidh féin dhó acht tháinig Tomás saor as. Uair amháin bhí sé amuigh ar an bhfairrge ar snámh ar slaod ar feadh lá go leith agus a chompánach leis. D'éag a chompánach le h-ocras agus leis an bhfuacht acht do mhair Tomás. Tháinig long sa treo agus thóg sí suas é.
    Annsan tháinig sé abhaile agus pósadh é agus tá clann mhór aige anois. Fear cródha, snámhaidhe maith agus bádóir cáileamhail is eadh é. Fear deas, ceanamhail is eadh é leis agus ní maith leis aoinne d'fheiscint i gcruadhchás.
    Seo ceann amháin des na gníomhartha cródha a dhein sé ar an bhfairrge.
    Cúpla bliadhain ó shoin d'fhiafruigh maighistir an stáisiúin i gCoillte ar Thomás Ó Baoighill dul amach go hOilean na gCaorach chun snámh do bheith aca. Dubhairt Tomás go rachadh sé amach. Chuadhadar amach i mbád agus thosnuigheadar ag snámh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Breandán Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann