Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 13942)

Suíomh:
Mullach, Co. an Chláir
Múinteoir:
Tomás Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 520

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 520

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 520
  3. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ciseáin agus Cliabha
    Dheineadh na sean-daoine ciseáin agus cliabha timcheall na h-áite seo fadó. Bhainidís na slata agus chuiridís treasna na tine iad ar feadh nóimeat agus ní bhrisidís annsan. Dheinidís gach sórt ciseáin t[b?]eachaireachta agus ciseáin laogh. Dheinidís cliabha chun múrach do tharraingt agus chun prátaí do thaosgadh.
    Scólaire: Máire Nigh Canann
    Bean Phádraig Mhic Canann (Baintreach) Coillte. (77 mbl.)
    Gallúnach
    Dheineadh na daoine gallúnach fadó de shóid nigheacháin agus aoil. Dheinidís iad do bheiriú ar dtúis. Do mheasgaidís le h-uisge annsan iad. D'fhágaidís annsan iad chun fuaradh go dtí go mbeadh sé cruaidh. Annsan ghearraidís i gcearnóga é. Sin mar a deineadh na daoine gallúnach fadó. Dheinidís gallúnach de cheilp agus de bhlunoig leis.
    Fuipeanna nó Malóideacha
    Dheineadh na daoine fadó fuipeanna nó malóideacha de chroiceann ghabhair. Bhainidís an croiceann de'n ghabhar agus chasaidís timcheall é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Breandán Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán P. Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    53
    Seoladh
    Coillte, Co. an Chláir