Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)
- Suíomh:
- Cathair Seircín, Co. an Chláir
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do bhí crann deas ag fás inaice an tobair sin fadó, ach tháinig fear ann lá, agus nuair a chonnaic sé é, cheap sé go mba ceart é do bhaint mar go ndeanfadh sé trosgán ana mhaith. Do bhí sé ag cainnt le duine eile, agus dubhairt an duine sin leis, gan aon nidhe do dheanah leis. Níor éist an fear leis, agus cad a dhein sé ach é do ghearradh na bpíosaí, agus do chuir isteach i dtruchaill, chun é do bhreith leis. Do chodail sé oidhche i dtigh áirithe, ach nuair d'éirigh sé ar maidin, ní raibh rian de'n chairt, ná de'n chrann le feiscint.(ó Pheadar Mac Cormac, Tulach-Árd, Cillfhionabhrach)
- Bailitheoir
- Peadar Mac Cormac
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Cormac
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Tulacha Uachtarach, Co. an Chláir