Scoil: Cathair Seircín, Inis Tíomáin (uimhir rolla 5186)
- Suíomh:
- Cathair Seircín, Co. an Chláir
- Múinteoir: -
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nárbh aisteach an t-am don mhaidin a bhí an bean eile ag déanamh ar an lios, agus nár mór an t-iongnadh a bhí uirthí um trathnóna nuair d'airig sí go bhfuair an bean bás go luath ar maidin.Bhí mo shean-athair ag báint prátaí i ngáirdín in aice leis an lios agus d'airig sé ceol - an ceol ba breághtha is ba bhinne dár airig éinne riamh - ag teacht ón lios. Chuaidh sé in aice na leasa chun a fheiscint cé bhí ann ach ní raibh duine beó ná marbh ann ach mar sin féin bhí an ceol ann. Tháinig eagla air fanacht a fhágháil amach cad a thárlóchadh agus d'imthig sé abhaile, agus níor airig sé an ceol níos mó.Tá lios eile in aice le tig m'umcail i mBealach. Tá radharc breágh le feiscint uaidh, agus is féidir an fhairrge timcheall Leacht Uí Conchubhair d'feiscint freisin. Maidin breagh Fhóghmhair chuaidh mo shein-sein-sean-athair amach agus do sheas sé ar an lios chun radharc d'fágháil ar na buaibh agus nuair a d'feuch sé siar uaidh cad a chonnaic sé ach baile breágh, agus na daoine ag obair ann, díreach ag bun na spéire. Ní faca sé é riamh roimhe sin agus bhí iongna mhór air. D'imthig sé isteach agus glaodhadh sé ar a chéile teacht amach chun é fheiscint ach nuair a thángadar amach ní raibh tháisg ná tuairisg de le feiscint. Beul! Tá sean-creidheamhaint ag na daoine timcheall na háite go raibh baile mór fadó in aice na h-áite a bhfuil Leacht Uí Chonchubhair anois, ach gur tháinig an fhairrge isteach air agus bádh sé é. Deirtear go mbíonn sé le feiscint gach seachtmhadh bliadhan(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Orgáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Chonóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Seircín, Co. an Chláir