Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 252

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 252
  3. XML “Galar 1847 - An Plá a Lean”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fe'n am seo is ar phrátaibh agus bainne is mó a bhíodh na h-Eireannaigh ag brath mar bhíádh. Do lobh an chuid is mó do'n bharra 1846 agus do lobh an barra ar fad 1847. Annsan bhí na daoine gan bíádh agus thánaig gorta san dtír. Bhíódh cíosanna troma le dhíól ag na daoine le na tighearnaibh talmhan agus mura mbeadh an chíós seo aca ruaigeadh na daoine as seilbh a gcuid talmhan gan truagh. Da bhrigh sin bhí ar na h-Éireannachaibh an méid cruithneachta no arbhair a bhí a aca a dhíol chun airgid d'fhagháil i gcóír cíosa. D'fhág san iad gan aon biadh in aon chor.
    Tá baile fearthainn inaice le Cill-an-Disirt darbh ainm "Buailte Dubhláin." Bhí daoine ( agus (?) na daoine ceadhna na gcomhnaidhe ann fós) na gcomhnaidhe ann darbh ainm muinntear Ceallaigh na gcomhnaidhe ann. Do theip ortha an chíos do dhíol, cé gur feirmeoírí láidre abhí ionnta. Caitheadh amach ar thaobh an bhothair iad, agus annsan bhíodar gan foscadh gan biadh gan mian an t-saoghail. Do thuig na comharsain dóíbh árus ón aimsir, agus tar éis tamaill do thógadar bothán doib buidhe dhóibh i bhfuidhneise a dtighe féín. Táid i seilbh a gcuid talmhan anois.
    Is annsan do tógadh tighthe na mbocht in Eirinn. Do lean an phlágh an gorta. Na daoine do mhair tar éis an gorta do fuaireadar bás leis an bplaigh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge