Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 230
  3. XML “Leigheasanna”
  4. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do thuit fear tinn i mbaile fearthainn "Tón le Gaoith." Do thánaig bean chomharstan chuige agus dubhairt sí go leaghasfadh sí é ach ar an gcoingheall go ndéanfadh sé mar dubhradh leis. Annsan d'órduigh sí do gan deoch d'ól ach te ddubh agus gan biadh d'ithe ach arán bán. San am céadna do fhuair sí buideál uisge agus do chuir sí cúpla píosa crainn fuinnseóíge isteach ann agus annsan do chuir sí an buideál fen an dtalamh. Leaghaiseadh an fear
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí cailín i gCill-an-Dísirt fadó. Bhí galair fola aici agus ni féidir leis an ndochtúir i do leigheas.
    Aon lá thánaig fear feasa isteach agus d'innis sí a scéal do. D'innis se dí neanntóg d'fhagháil agus iad do bheirbhiú in uisge, annsan iad do sgagadh agus an t-uisge do chur fe thalamh sé leitheanta sul a olfadh si é. Nuair a dein sí mar a dubhradh leí thánaig laigheas air.
    (An dhá sceál - an t-ugdar céadna)
    Bean Ui Ciarráin
    Baile Botháin
    5. I dTón le Gaoith
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Bidí Ní Mhochóirí (~186)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Ciarráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile Uí Bhuacháin, Co. an Chláir