Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)

Suíomh:
Cill an Dísirt, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máire Mac Eochaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 219

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0604, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Leathanach 219
  3. XML “Caisleán an Daingin - Baile na Ceallaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá fothaireacha sean-caisleáin suidhte inaice Baile na Caillighe. Máire Ruadh Bainhioghain Cill-Muire do thóg é céadta bliadhain o soin. Duine do thréibh MachGhamhain ba eadh Máire agus do réir an t-seanchuis níor bhean maith é in aon chor ach a mhalairt. Tá sé mar tuairim ag muinntear na h-áite go bhfuil curtha i bhfolach i gcorsanamhacht an Chaisleáin ach cá bhfuil an áit, sin í an adhb.
    Do dhein bean i gCo. Mhuigheo taidhbhreamh trí h-uaire indiaidh a chéile go raibh ór le fagháil i bhfolach i gCaisleán an Dhaingin i gCo. an Chlair inaicebaile bhig darbh ainm Baile na Ceallaighe agus go gcuideóchadh fear {dahab.} Chambers léi, má is rud é go raibh fonn uirthí é d'fhagail. Inniseadh dí ins an dtaidhbhreamh tosnú a chur ar an obair an fhaid a bheadh an Sagart ag léigheamh Aifrinn Dia Domhnaigh.
    Do chuaidh an bhean ag lorg an shaidhbhrus. Do shrois sí Baile na Caillighe Dia Domhnaigh nuair abhí an Sagart Paróiste ar tí an t-Aifreann d' léigheamh. Nuair abhí sí ag deanamh ar an Séipéal cé bhuailfeadh uimpí ach "Chambers", fear an thaidhbhrimh. Bhi fhios aici láithreach bonn cé bhí ann, cé na raibh aon aithne aici air go dtí san.
    Do innis sí do'n fhear connus abhí an scéal aici, agus connus gur tugadh comhairle dí ins an dtaidhbhreamh a {chongnamh} d'iarraidh. D'aontuigh fear Bhaile na Caillighe dul ag cuidiú léi ar aon coingheall amhain go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Mhic Mealláin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cill an Dísirt, Co. an Chláir