Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill an Dísirt (C.)
- XML Leathanach 184
- XML “Scéal Grinn - Máire agus na Piseoga i Lios Uí Chathasaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an lae maidean bealtaine chun faire a dhéanamh ar an dtobar fíos uisge a bhí ingar dóibh. Do chuaigh sé i bhfolach tar éis tamaill cé chífeadh sé ag teacht ach Máire agus rud éigin mar bhuidéal 'na láimh aici. Do lean sé í i gan fhios. Nuair a bhí sí ag déanamh ar an dtobar d'airigh sé í mar bheadh sí ag caint léi féin. Do bhris a fhoighne air agus do thánaig sé os a comhair. Do leath a suile uirthi le h-eagla.Do chuir sé 'na leith go raibh sí ag goid a chuid ime le draoidheacht éigin. Dubhairt sé go raghadh sé gan mhoill chun an Sagairt paróiste agus go n-innseochadh sé a scéal do i dtreo is go gcuirfeadh sé sin gcloigíneacht uirthi os comhair an phuiblí go léir. Tánaig scarna ar Mháire le luadh an tSagairt. D'admhuigh sí go raibh sí ag goid a chuid ime le piseóga ach do gheall si dhó nach ndeanfadh sí a leithead go deo arís agus d'iarr sí maitheamhnas ar Dhia agus air féin mar gheall air.Do thug mo shean-athair maitheamhnas dhi ar choingheall go n-innseochadh sí an scéal mar a thárla ins an bhfaoisdín. Annsan d'imthigh sé abhaile go sásta. Ón lá san go dtí an lá a fuair sé bás dachad bliadhain 'na dhiaidh sin níor thánaig aon feochán ar a chuid ime.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Brighid Nic Eochaidh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir