Scoil: Cill an Dísirt (C.) (uimhir rolla 15302)
- Suíomh:
- Cill an Dísirt, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do thárla an rud ceadhna i bhfiadhnaise an chaptaoin ar dhá ócáid eile. Fé dheire do dhein fear na luinge machtnamh leis féin agus dubhairt sé go mba mhaith an rud an coilleach d'fhagháil chun a thighe féin i gCill-Ruis do chosaint ar sprid no púca.Do thug sé cúaird go tigh 'Poll' chun an choilleach do cheannach. Ní nach iongnadh, níor innis sé do aoinne fáth an fhuinn abhí air an t-ean d'fhagháil. Do cheannuigh sé an coilleach ar deich sgillinge. Ba mhór an roinnt airgead é sin an t-am sin go mór mhór i gcóir coilligh. Ní riabh fhios ag muinntear an thighe connus abhí an scéal ag an gcaptaoin agus do scaipeadar leis an gcoilleach ar luach maith agus do dheineadar mangadh mór mar do cheapadarNíl sé ráidhte ins an scéal connus ar eirigh leis an gcaptaoin agus an coilleach 'na dhiaidh sin ach níor thánaig muinntear bocht 'Poll' go maith as an mangadh in aon chor. Ón lá d'imthigh an coilleach ní raibh sprid na púca in Eirinn ná raibh ag cur isteach ortha. Thánaig hach mi-adh ortha agus indeire na dála b'éigean dóibh imtheacht as an dtír ar fad. Do theicheadar go h-America. Anois ní fágtar do'n thigh dheas ach sean cabhlach ar bhárr na bhfaillte(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Deaghaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cathair Dhá Chon, Co. an Chláir