Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)

Suíomh:
An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Siobhán Ní Chochláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0571, Leathanach 302

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0571, Leathanach 302

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala
  2. XML Leathanach 302
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Tár
    Abha cothuighthe na Siúire iseadh an Tár. Ritheann sí gairid dúinn sa mbaile. Fadó nuair a bhí Naomh Pádraig ag dul mór timcheall na tíre tháinig sé chomh fada le Droichiad na nGabhar, cúpla míle taobh thiar den áit seo. Bhí bó agus laogh aige. Do ghoid na daoine ins an áit sin an laogh agus bhí Naomh Padraig ar buile. Do chuir sé mallacht ar an abhann a scéitheann tré an áit. Sin an Tár. Ón lá sin amach níl mórán iasc le fághail ins an abhann sin.
    Bóthar an Laoigh:-
    Annsan deirtear gur chuaidh an bó ó áit go h-áit ag lorg an laoigh. Acht ní fhuair sí é agus sa deire chuaidh sí treasna na sléibhte agus do dhein sí bóthar len a h-anál chun go bhfeicfeadh an laogh é dá dtagadh sé thar n-ais ós na daoine a ghoid é agus chun go raghadh sé 'na diaidh go dtí áit 'na mbeadh sí. Tá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Meachair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    53
    Seoladh
    Na Fraocháin, Co. Thiobraid Árann