Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)

Suíomh:
An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Siobhán Ní Chochláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0571, Leathanach 339

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0571, Leathanach 339

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala
  2. XML Leathanach 339
  3. XML “Cruatan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Báthadh fear dárbh ainm Séamus Ó Noonan san tSiúir timcheall dachadh bliadhan ó shoin. Tugadh an ainm Poll Noonan ar an áit ó shoin. Báthadh fear darbh ainm Liam Prendergast a comhnuigh i Corabella.
    Dóighteán:-
    Dóghadh tigh Liam Uí Broin i mBaile Burges timcheall na bliadhna 1869. Doghadh tigh Captáin Perry i gCaisleán Nua timcheall na bliadhna 1918.
    Tuille:-
    Bhí tuille mór san tSiúir uair amhain agus ní raibh aon droichead ann an uair sin. Bhí fear darbh ainm Pádraig de bPuitléir ag teacht abhaile ó Caisleán Nua agus bhí sé go dorcha. Tuit sé isteach san abhainn acht do coiméad sé greim maith ar crann beag a bhí ag fás ann. D'airigh fir é ag béirig agus sábhaladh é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamas Ó Dubhgán
    Inscne
    Fireann
    Aois
    88
    Seoladh
    Na Fraocháin, Co. Thiobraid Árann