Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)
- Suíomh:
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Siobhán Ní Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Loch Liach:-
Í so i mBaile Glas, Caisleán Nua. Sórt tighe beag iseadh é seo, déanta as carraig í. Tá tobar taobh istigh de act is annamh a théigheann daoine ann cun uisge d'fhághail mar is deachair dul gairid do sa Samhradh toisc go bhfásann féar árd agus fiadhaile agus raithnigh timcheall air. Toisc go bhfuil sé in aice abha na Siúire bíonn tuille mór mór thimcheall an tobar seo sa nGeimhreadh. Uair amháin do dhein duine iarracht cun an tobar seo do shalú. Do shalaig sé é agus nuair a chuaidh bean ann chun uisce d'fhághail ní raibh deoch uisce le faghail. Do glan sí é agus do las sí coinneal beannuighthe taobh istigh de agus an maidin 'na dhiaidh sin bhí an t-uisce istigh sa dobar arís.
Baile na Móna:-
Cúpla míle ó Caisleán nua atá an áit seo. Is dóigh liom go raibh móin le fághail san áit seo uair.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Siobhán Bean Uí Caoimh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann