Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)
- Suíomh:
- An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Siobhán Ní Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aimsir na Géirleanamhna.
Do cuireadh an t-ainm "Pluaisc an tSagairt" ar an bpluaisc i gClais an Mhaca mar do rith sagart isteach ann dárbh ainm dó an tAthair Ó Riain ó saighdiúirí a bhí ar a thóir. Ní fheaca aoinne ó shóin é. Is amhlaidh a bhí sé ag dul i bhfolach ann. Baisteach an t-ainm "Cnoc Reamhar" ar an gnoc sin mar deirtear gur ceap na daoine go raibh cuma muiche reamhra air in aimsir na bpéin dlighthe. Fadó do léighead na sagairt an tAifreann istigh ins na tighthe ach uaireannta do bhíodh tighthe speisialta achu chun é do léigheamh. Tá ceann des na sean fotracha de ceann des na tighthibh sinn i bpáirc Muinntir Maolcathaigh i Ros Mhór. Níor scéith aoinne riamh sa Cheanntar ar sagart mar sin. Do rith sagart isteach sa lios atá i bpáirc Murchadha i mBán Árd ach níor cuireadh aon ainm speisialta riamh air in a dhiaidh. Tá tigh mór eile im ceanntar agus comhnuigh sagart ann uair amháin. Is le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Dathí Ó hAillidhe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Cnoc Peirí, Co. Thiobraid Árann