Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)

Suíomh:
An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Siobhán Ní Chochláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0571, Leathanach 313

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0571, Leathanach 313

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala
  2. XML Leathanach 313
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cistí óir i bhfolach.
    De réir an tsheancais tá ór i bhfolach sa tseana caisleán i gCaisleán Nua. Is é duine de clann Prendergast a chuir ann é mar fuair sé amach go raibh ropairí ag teacht chun an caisleán do réabadh. Annsan d'fhiafruigh sé de ceann da fir aimsire aire a thabhairt go deó don ór. Díreach nuair a bhí an geallamhaint tughtha aige do mharbhuigh Prendergast é. Acht mar si féin níor bhris an fhear a fhocal agus ón lá sin amach bhí a sprid ag tabhairt aire don ór. Is minic a chonnaic muinntir na h-áite seo an sprid agus é gléasta i báinín agus hata árd agus madra mór bán in-aice leis.
    Deirtear go bhfuil ór i dtaisce leis i Gheann Sileáin leath slighe ider Caisleán Nua agus Mellery. Oidhche amháin chuaidh beirt fear á lorgadh acht tar éis bheith ag romhar timcheall trí uaire ní fuaireadar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seumas Ó Maolchathaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann