Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala (uimhir rolla 9250)

Suíomh:
An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Siobhán Ní Chochláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0571, Leathanach 301

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0571, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Caisleán Nua (C.), Cluain Meala
  2. XML Leathanach 301
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Kennelsworth:-
    Feirm mhór le Padraig Ó Concubhair é so. Timcheall chéad blian ó shoin chomhnuig fear uasal darbh ainm dó Risteárd Hamilton-Buitléir-Loe (Butler-Lowe) i dtig mór 'san áit seo ar bhruac na Siúire. Fear saidhbhir dob eadh é a choiméad alán seirbhiseach agus a chuaidh amach gach lá ag fiadhach ó chnoc go cnoc. Lá amháin ar tóir an mhadra ruadh do léim sé thar falla a bhí seacht dtroighthe ar aoirde cé go raibh sé in aois ceithre bliann is ceithre fichid annsan. Bhí an-chion ag an bhfear seo ar mhadraí. Do chuir sé suas tighthe cun na madraí fiadhaigh do choimeád agus do chothú. Is mar sin a fuair an fheirm sin a h-ainm. Tar éis roinnt bhlian chaill sé a chuid saidhbhris agus bhí air an fheirm do dhíol agus dul thar lear.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Caisleán Nua, Co. Thiobraid Árann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Scolaidhe
    Inscne
    Fireann
    Aois
    89
    Seoladh
    Baile an Phléimeannaigh, Co. Thiobraid Árann