An Tár Abha cothuighthe na Siúire iseadh an Tár. Ritheann sí gairid dúinn sa mbaile. Fadó nuair a bhí Naomh Pádraig ag dul mór timcheall na tíre tháinig sé chomh fada le Droichiad na nGabhar, cúpla míle taobh thiar den áit seo. Bhí bó agus laogh aige. Do ghoid na daoine ins an áit sin an laogh agus bhí Naomh Padraig ar buile. Do chuir sé mallacht ar an abhann a scéitheann tré an áit. Sin an Tár. Ón lá sin amach níl mórán iasc le fághail ins an abhann sin. Bóthar an Laoigh:- Annsan deirtear gur chuaidh an bó ó áit go h-áit ag lorg an laoigh. Acht ní fhuair sí é agus sa deire chuaidh sí treasna na sléibhte agus do dhein sí bóthar len a h-anál chun go bhfeicfeadh an laogh é dá dtagadh sé thar n-ais ós na daoine a ghoid é agus chun go raghadh sé 'na diaidh go dtí áit 'na mbeadh sí. TáBrian Phelan