School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag

Location:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Teacher:
Mícheál Ó Cuileannáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
  2. XML Page 221
  3. XML “An tEiriceach do Tugadh as Ifreann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí eiriceach tar éis báis uair:
    Buntighearna talmhan do bhí ró chruaidh ar na tineontaithe bochta. Do bhí an sagart óg ag gabháil thar an dtig lá, agus beirt fhear eile 'na chuideachtain.
    "Cím", arsan sagart, go bhfuil an bodach so thuas imighthe."
    "Tá", arsa duine acu.
    "Níl an saoghal chomh breagh anois aige agus do bhí", arsan sagart
    "An dóigh leat gur in Ifreann atá sé" arsan duine eile.
    "Gan amhras", arsan sagart.
    Níor labhair an fear eile in ao'chor, mar do bhí sé ag obair do mhac an fhir a bhí imighthe.
    Do chuaidh an ráfla tímpeall go ndubhairt an sagart go raibh fear a' tighe mhóir in Ifreann. Ba ghearr gur chuala an mac é, agus do tháining fearg air. Seo chun an tsagairt é chun sásamh dfhagháil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0756C*: Receipt from Hell
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Uí Chonaill
    Gender
    Female
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Domhnall Ó Ríogáin
    Gender
    Male