School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag

Location:
Skibbereen, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Cuileannáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 294

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 294

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
  2. XML Page 294
  3. XML “Táim Breoite go Leor”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seán Emet Ó Donobháin do fuair é seo ó Sheán Ó hAodha ón gCreig láimh le Cuan Dor. Múinteoir scoile i Scoil Rinn Ó gCríona iseadh Seán. Tá Rinn Ó gCríona tímpal dhá mhíle ódheas ó Chuna Dor ar bhruach an chuain.
    Cá raibhais ar fea'n lae uaim a bhuachaillín óig
    Cá raibhais ar fea'n lae uaim a chumainn 's a stóir
    Bhíos ag fiadhach a's ag iascach a mháithrín ó
    Agus cóirigh mo leabaidh, táim breoite go leor.
    Cad do bhí chun do dhinéir agat, a bhuachaillín ó
    Cad do bhí chun do dhinéir agat, a chumainn 's a stóir
    Do bhí nimh agus iasc úr a mháithrín ó
    Agus cóirigh mo leabaidh, táim breoite go leor.
    Cad d'fhágfair led mháthair a bhuachaillín ó
    Cad d'fhágfair led mháthair a chumainn 's a stóir
    Lán páirce de bhuaibh bána a mháithrín ó
    Agus cóirigh mo leabaidh táim breoite go leor.
    Cad d'fhágfair led dhritháir a bhuachaillín ó
    Cad d'fhágfair led dhritháir a chumainn 's a stóir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Emet Ó Donobháin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Seán Ó hAodha
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Cregg, Co. Cork