School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag

Location:
Skibbereen, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Cuileannáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 272

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0398, Page 272

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
  2. XML Page 272
  3. XML “The Late Found Out”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Mícheál Ó Caoimh do cheap. Tig tábhairne a bhí ag Crois Neil a' tSéín, ar an dtaobh thuaidh de Chrois Shaim, gur tugadh an ainm sin air. Bean de Mhuintir Choileáin d'oscail an tigh sin agus is deallrathach gur de Chlainn Choileaín ó Dhoire Luain í. I bParóiste Chaisleáin na Gaoithe atá Crois Neil a tSéín.
    Bhí tig tábhairne eile sa Ros Mór ar a tugtaí "The Old Found Out."

    (I)
    Tá filí magaidh ag ceapadh ránnta
    Do thighthibh tábhairne - ar a bpágh gan dabht
    Agus is moladh maribh é ar a lán díobh
    Mar is olc le rádh íad ar fuid an domhain.
    Bíonn uisce díge ann dá dhíol 'na chártaibh
    Nuair a mheádhchaid a bhárr gan mheabhair
    Ach i gCaisleán na Gaoithe tá an bhean mhacánta (?)
    San tig seo go ndeárnas - "An Late Found Out."

    (II)
    Ní peann ná dubh do-bheircongnamh domhsa (?)
    Meabhair ná eolas len' a gceapfainn rann
    Ach a rith sa bhfuil chugham le toile Rí na Glóire
    Mar is iad a chomhachtaibh is fearr mar chabhair (?)
    Is cuimhne glan dom ar thosach mh óíge
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Donabháin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Castletownshend, Co. Cork
    Informant
    Mícheál Riocaird Ó hAodha
    Gender
    Male