School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Location:
- Skibbereen, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Cuileannáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Page 222
- XML “An tEiriceach do Tugadh as Ifreann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"An ndubhraís a leithéid seo" arsan mac
"Níor tharraingeas Ifreann tré mo bhéal" arsan sagart. "Ní dubhart ach 'gan amhras'."
"Tá fiadhnaise agam", arsan mac
"Deinidh bhur ndícheall" arsan sagart.
Lá 'r na mháireach do bhuail an sagart paróiste agus an sagart óg len a chéile.
"Cad é seo mar chaint do chuala mar gheall ort féin agus an t-eirceach do fuair bás" ars an sagart paróiste.
"Níl leigheas air anois", ars an sagart óg
"Ba mhór an amadántacht éinní do rádh os comhair an fhir oibre sin; mar díolfhaidh sé siúd é chun dearbhú ort, agus cuirfar fíneáil ort, agus mara bhfuil airgead agut cuirfar sa phríosún tu", arsan sagart paróiste
"Is dócha go gcaithfidh me é dhoimhniú dhóibh."
"Conus a dhéanfair é sin - é thabhairt ó Ifreann."
"Caithfidh me rud éigin do dhéanamh."
An lá 'na dhiaidh sin do chuir an sagart óg scéala chun mac (sic) an eircig, go raibh sé ag dul chun a' thighe chun cainte leis. Dubhairt sé leis an mac ciall do bheith aige agus gan a thuille a rádh mar gheall air.
"Ní dhéanfaidh do chuid cainte an gnó" arsan mac. "Caithfir é a dheimhniu..(continues on next page)- Collector
- Máire Uí Chonaill
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Domhnall Ó Ríogáin
- Gender
- Male