Scoil: Carrigaline, Ráth Mhór

Suíomh:
Carraig Uí Leighin, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Mhic Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0357, Leathanach 091

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0357, Leathanach 091

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carrigaline, Ráth Mhór
  2. XML Leathanach 091
  3. XML “De Dhéanamh Stoca”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    caithfidh tú leath ar an mbiorán gombeidh tú cun an stál dothógaint air. Ni bheidh ac dá bhiorán agat annsan [?] agus dá bhiorán ag cniotáil na sáile.
    Déanfar lúba na sáile do cniotáil ó thúis deire. Iompóchfar thar nais ar an mbiorán céadna ó'n dtaobh tuathal. Lúba ó thuathal atá ann. Leagfar anuas an chéad lúb aca. Leanfar mar sin deiseal agus tuathal, gach re seal, go dtí gombeidh an oiread de cniotáil deanta agat agus tá lúba ar an mbiorán.
    Cun an t-sáilín [?], bí agleagadh na lúba, pé méid ismaith leat beith leagaidhthe agat, agus ag cumangaghadh i gcómhnuidhe, chun gombeidh an tsáilín curtha agat ar aon biorán amháin. Annsan beidh biorán diomhaoin agat, nuair abheidh an t-sál déanta agat. Beidh tú ag cumhangagadh leat faid a bheid an t-sáilín á dhéanamh agat. Tiocfaidh biorán nasáile anuas ar an taobh de'n stoca, agus annsan cuirfidh tú snáithe mar inneac faoi, cun go dtiocfair go dtí bragháid na stocai
    Cniotáilfidh tú tosach an stoca go dtiocfair anall go dtí cliatháin eile de. Beidh dá bhioráin i dtosach anstoca annsan agus aon bhiorán amhain sa t-sáil. Bíonn breis nalúb ar an mbrághaid annsan, agus bheidhfear ag tógaint na lúb, agus dhá gchur ar an mbiorán eile, agus é agleagadh ar gach cliathán igcomhnuidhe, go raghadh tú go dtí an gorad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge