School: Cúil Aodha (roll number 16521)
- Location:
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí
- Teacher: Pádraig Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)anáirde san áit na bfuaras é. Tá sé san áit séadhna ó shoin i leith agus ní leighfeadh eagla dhom mo méir a chuir air dtaobh is go raibh sé ana eadtrom le comaint leis an bata.
Tá seana diamhas ann leis ac tá sé sin chrocta ar an gcúpla agus ní fheadhfainn í sroisint. Is dócha gur bhé an cúis a cuireadh chómh h-árd san é le h-eagla go ngéarrfaidhmís na méaranna dínn leis.
Tá seana-mhúnla ann leis a bhíodh ag na sean-daoine fadó chun na coinnle a dhéanamh, tá sé tímhcheall naoí órlaca ar fhaid agus é ag teacht chun fuinnte ar taobh de. Tá sé deanta do stán maith láidir agus tá sé déanta díreac mar coinneal ach go bfuil sé folamh istig ann. Sé an cuma a dheinidis na coinnle ná an sná a bhíodh mar buaiceas aca do chuir isteac sa mhúnla agus tímcheall leath órlac de do leigint síos thar an bpuinnte. Annsan do chuiridís an múnla na seasamh i dturnop mór(continues on next page)- Informant
- Tadhg M. Ó Duinnín
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí