School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)

Location:
Trá Phraisce, Co. Chorcaí
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 211

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 211

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Page 211
  3. XML “Dealramh an Pharóiste Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní raibh aon cosamhlact ag an paróiste seo fadó leis an deallramh atá air anois. Ar an gcéad dul síos ní fioláir no go raibh na coillte go fluirseach ann ar na h-áiteanna mar a bhfuil portaca agus na muing sleibhe anois. Geibhtear préumhaca na gcrann giumaise ins na portacha i gcomhnaidhe nuair a bítear ag baint na móna. Tá furmhór an paróiste lom gan crannaibh anois.
    Paróiste fada caol é i mBaruntact Béara agus a agaidh siar ó dheas i dtreó na gréine. Tá sléibhte na Ceacain ar an dtaobh thuaidh de, agus Cnoc an Chairn ar an dtaobh thoir agus Cnoc Déad ar an dtaobh thiar. Deirtear go bfuil loc ins na Ceacain le h-agaidh gach lae sa bliadhan. An ceann is mó ortha iseadh Loch na h-Eórnan suidhte thuas go h-árd imeasc na sléibhte agus scáil dorca na sléibte air i gcomhnaidhe. Is ann a comhnuigeadh na ba dubha atá ins an Sgéul "Ba dubha Loc na h-Eornan" do sgriobh "Gruagac an Tobair." Taidbhsí no sprideanna a b'ead iad ago raibh luibheanna an tSléibhe fé na gcomairce, agus lá amháin do tuit amach do dhuine éigin beith ag baint easrac agus na luibheanna speisialta san do bailuighadh. Níor mothuig sé aon nidh ar a thuras abaile do go dtáinig na ba ar a thoir agus gur leathadar a bheart easrach agus gur gabhadar fé cosaibh é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish