Scoil: An Chathair Mhór (uimhir rolla 13249)

Suíomh:
An Cnoc Rua Láir, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Súilleabháin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Chathair Mhór | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 200

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Nuair a bhí Domhnall geall le claoidhte ag an Sasanach bhí a phictiúir i ngach áit in Eirinn acht i gCiarraidhe. Agus é ar bhádh na Scealge tháinig cúig cinn d'átharaighe an tSasanaig timcheall air.

"Fuilig bheith gabhtha", ar siad leis.
"Táim toiltheamhnach leis", arsa Domhnall, "acht tagaidh annso ar bórd c[h]úgham go mbeadh deoch fhíon' againn sar a dtógfaidh sibh mé"
Chuadar ar bórd agus dubhradar leis na mairnéalaí a bhí sa phinn[e]asaí [bád beag seoil] aca dul thar nais agus fanamhaint go nglaoidhfidís féin ortha.
Chuadar thar nais. Ní rabhadar abhfad ag ól an fhíona nuair a cheangal Domhnall iad agus chuir sé fé haistíbh iad. Nuair a thuit an oidhche annsan bhí leath bharaille taraig ar bórd ag Domhnall agus do las sé é agus do leig sé go breágh réidh san uisge é agus do mhúc[h] sé a sholas féin agus siúd ó dheas thrí Súinte baoi é agus as san go Cuan na Gruinne sa Spáin.

Seasamh ag geata Tig na mBocht i mBaile Caisleáin Bhéarra agus féac[h] díreach ó dheas thrí bhéal a' chuain agus ta Cuan na Gruinne sa Spáin i n-aon líne leó araon-díreach ó dheas.

Bhí fhios ag Muinntir Bhéarra go raibh Domhnall marbh sar a bhfuaradar aon sgéal ó'n Spáin. Do ghaibh an ghuth tríd an speír thar phairceanna an Fhoghmhair agus 'sé dubhairt an guth:

Iarla Faoide agus Rí na Díseart agus Dún na Baoi na seólta;
Tighearna tíorthach, biad[h]mhar, bruigheanmhar,
Is ciach mo chroidhe thu a Dhomnaill

Bailitheoir
D. O' S.
Inscne
ní fios
Faisnéiseoir
Pats Thaidhgín
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge