Scoil: An Chathair Mhór (uimhir rolla 13249)

Suíomh:
An Cnoc Rua Láir, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 198

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 198

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Chathair Mhór
  2. XML Leathanach 198
  3. XML “An Sprid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ina chomhnuidhe sa pharóiste seo fadó. Conn ab ainm dó. Bhíodh sé amuigh is d'oidhche go dtí a dó-dhéig a clog. Aon oidhche amháin nuair a bhí sé a'theacht abhaile do bhuail sprid uime. Do stop sí é. "Á", arsan sprid, "tá tú agam anois. Táim chun tú do mharbhúghadh". "Ná dein, ná dein ar son Dé" arsa Conn.
    "Cuirfidh mé chun báis tú mara gcuirfidh tú líne filídheachta léna dá línese", arsan sprid.
    "Abair iad", arsa Conn.
    "Coineal is coinnleóir ann agus curifí leath-rann le ran", arsan sprid.
    "Cuillean a baintear um Shamhain is cuirtear mar ceann ar thig", arsa Conn.
    Ní dhéanfaidh san an gnó" arsa sí.
    Do chúm Conn dá líne eile mar seo.
    "Muilleann is uisge 'gá cheann
    Is a'tuille aige thall is abhus", arsa Conn.
    "Ní dhéanfaidh san an gnó acht cómh beag," arsan sprid.
    "Triall airís", ar sise. "Níl acht aon seans amháin eile agat".
    Seo mar adubhairt Conn.
    "Dá mbeithteá sa bhFlaitheas Dé 'nam.
    Ní bheithfeá id' shamhail annsan".
    Do dhein san an gnó agus d'fhág sí an áit sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Séaghdha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Ceann Locha, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Sheaghdha
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    83