Scoil: An Chathair Mhór (uimhir rolla 13249)

Suíomh:
An Cnoc Rua Láir, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Súilleabháin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Chathair Mhór | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 201

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ag déanamh cleamhnais
Chuaidh fear ó'n dtír mór ag déanamh cleamhnais uair go baoi.
"Cad é an spré geóbhad?" ar seisean
Seo a dubhairt athair an cailín:-
"Tabharfadsa féin mar spré dom' chailín óg,
Na carraigeacha géana ar thaobh na gCaluíoch Mór,
An Geadach, 'sa' laoi, cun an méid sin bainne d'ól,
Agus an tarbh dá naoracht agus ag géimpigh amach fé'n gceó.

An Geadac, an laoi agus an Tarbh - trí carraigeacha móra leastian de'n Oileán baoi. Tá tig solais ar an dTarbh anois.
d.o.'s.
Cleamhnas eile
deich mblian is trí fichid ó thoin chuaidh fear agus a mhach ón mbaile seo ag déanamh cleamhnais go tig éigin i Lochán Mór. bhí an cleamhnas déanta aca ach an spré.
"Cad é an spré a geóbhaid sí"? arsan athair an bhuachalla
"Geóbhaid sí béarra agus beanntraighe mar a rithean siad" arsan athair an cailín.
do críochnuigeadh an cleamhnas gan a thuille cainnte mar gheall ar an spré. "Ceátharnach" do beadh athair an chailín Bhí an fhuil ann agus de réir a fhola is dócha gur cheap sé go raibh a inghean ró mhaith dón bhuachaill gan aon spré.
d.o.'s - ó "Phats Thaidhin"

Bailitheoir
D. O' S.
Teanga
Gaeilge

Deich mblian is trí fichid ó thoin chuaidh fear agus a mhac ón mbhaile seo ag déanamh cleamhnais go tig éigin i Lochán Mór. Bhí an cleamhnais déanta aca ach an spré
"Cad é an spré a geóbhaidh sí?" arsan athair an bhuachalla
"Geóbhaid sí Béarra agus Beanntraighe mar a ritheas siad."
arsan athair an cailín.
Do críochnuigeadh an cleamhnas gan a thuille cainnte mar gheall ar an spré. "Ceátharnach" do beadh athair an chailín. Bhí an fuil ann agus de réir a fhola is dócha gur cheap sé go raibh a inghean ró mhaith do'n bhuacaill gan aon spré.

Bailitheoir
D. Ó S.
Inscne
ní fios
Faisnéiseoir
Pats Thaidhgín
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge