Scoil: An Chathair Mhór (uimhir rolla 13249)

Suíomh:
An Cnoc Rua Láir, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 201

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0274, Leathanach 201

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Chathair Mhór
  2. XML Leathanach 201
  3. XML “Ag Déanamh Cleamhnais”
  4. XML “Cleamhnas Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuaidh fear ó'n dtír mór ag déanamh cleamhnais uair go Baoi.
    "Cad é an spré geóbhad?" ar seisean
    Seo a dubhairt athair an cailín:-
    "Tabharfadsa féin mar spré dom' chailín óg,
    Na carraigeacha géara ar thaobh na gCaluíoch Mór,
    An Geadach, 'sa' Laoi, cun an méid sin bainne d'ól,
    Agus an Tarbh dá naoracht agus ag géimrigh amach fé'n gceó.
    An Geadac, an Laoi agus an Tarbh - trí carraigeacha móra leasthiar de'n Oileán Baoi. Tá tig solais ar an dTarbh anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    D. O' S.
  2. Deich mblian is trí fichid ó thoin chuaidh fear agus a mhac ón mbhaile seo ag déanamh cleamhnais go tig éigin i Lochán Mór. Bhí an cleamhnais déanta aca ach an spré
    "Cad é an spré a geóbhaidh sí?" arsan athair an bhuachalla
    "Geóbhaid sí Béarra agus Beanntraighe mar a ritheas siad."
    arsan athair an cailín.
    Do críochnuigeadh an cleamhnas gan a thuille cainnte mar gheall ar an spré. "Ceátharnach" do beadh athair an chailín. Bhí an fuil ann agus de réir a fhola is dócha gur cheap sé go raibh a inghean ró mhaith do'n bhuacaill gan aon spré.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.