Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 392
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- .Ainm an Aithriseóra: Seán Ó Riordáin,
A Seoladh: Curraicín, Gleann Beithe.
A Aois: 75 bl.SgeulDo comhnuigheadh tighearna talmhan Gallda i Sráid an Mhuileann i gCo. Corcaighe.
Crom sé ar caisleán a dheanamh insan dúthaigh agus fuinneóga gloine a cur air.
NÍor chualadar ainm gloine riamh 'san áit sin, ná ní raibh fhios acu cad é an sórt rud é.
Fuair sé ualach gloine ó Shasana agus tháinig sé isteach i gCuan Corcaighe. Glaoidh sé ar cuid des na tinnóinte dul a d'iarraidh an gloine.
Ní raibh aon trucaillí ann an t-am san agus fuaradar dhá capall déug agus úmaca cun é do tharraingt.
Bhíodar amach ar feadh dhá lá ar an mbóthar agus ní raibh aon tuairisg ortha. Tháinig trioblóid ar an tighearna talmhan. Dubhairt sé lena seirbhíseach capall agus cárr d'fhagháilt.
D'imthigheadar araon ar a dtuairisg. Ní rabhadar imthighthe dhá mhíle nuair a caill an capall crú. Bhí ceardachain i n-aice leótha. Chuaidh sé isteach agus dubhairt sé do'n gabha gur theastuig crú ó'n gcapall gan mhoill, agus má ná dheunfaidh sé go tapaidh é go lámhach a mhaighistir é. Dubhairt an gabha ná raibh pioc iarainn aige a dheunfadh an crú do.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Riordáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Curraichín, Co. Chiarraí