Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 361
- XML “An Seanchaisleán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An tSean Chaisleán Ainm an Aithriseóra: Máire bean Uí Riordáin
A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann-beithe.
A Aois: 50 bl.Le tighearna talmhan d'arab ainm "Wynn" do beadh an tseana caisleán a bhí thíar in Gleann Beithe. Níl le feisgint ann anois ach fotharach.
Protastúnach do b'eadh Wynn agus bhí fuaith aige do na Caitilicidhibh.
Uair amháin thug sé órdú dos na constablaidhte a bhí in Gleann Beithe an sagart parróiste do gabháil agus é do cur isteach sa phriosún. Rugadar air agus nuair a bhíodar ag dul treasna an séipéil, d'íarr sé ortha cead a thabhairt dó dul isteach ann. Thugadar an cead dó. Cuaidh sé isteach. Tháinig sé amach taréis cúpla neómat agus dubhairt sé agus dubhairt sé go raibh sé ullamh dul i n-aoinfeacht leó ach ní rabhadar ábalta corraidhe mar bhí gach fear acu ceangailte leis an dtalamh.
D'iarradar air iad do scaoileadh agus do ghealladar ná gcuirfidís láimh air go deó arís. Taréis tamaill do scaoil sé iad agus do ritheadar abhaile.
Dubhairt an sagart go mbéadh an caisleán seo na fotharach agus b'fhíor dó é sin mar tá na fallaí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Riordáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí