Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 359
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeul GrinnAinm an Aithriseóra: Máire bean Uí Riordáin
A Seoladh: Cill na mBreac, Gleann-beithe.
A Aois: 50 bl.Seo sgeul a h-innseadh i bhfad ó shoin.
Cuaidh fear ó Gleann Beithe ag marcuigheacht ar chapall iallaite go Béarna Gaoithe - chnoc mór árd idir Gleann Beithe agus Gleann Cárthaig. Bhí sé an-déanach san oidhche, tuairim a h-aon nó a dó a clog.
Bhí an fear ag deunamh suas ar barra na Bearnan nuair do stad an capall agus do chlois sé an ceól ba bhinne dá gcloiseadh riamh. Cuaidh sé ar a thuras. Ar filleadh thar n-ais do chonnaic sé an domhan de dhaoinibh, idir fheara agus mná i bhfuirm comhtalan rínnce. Stad an capall agus do bheannuig an fear, ach níor beannuigheadar dó.
Taréis cúpal nóimeat do stadadar an rinnche. Bhí bean i n-aice leis agus d'fiafruig sé di cad a bhí á sheinnt acu. D'freagair sí - "An gaoth a corruigheann an eórna." Thug sé triall dul anáirde ar a chapall, is do fuair sé pian in gceann den a mhéireannaibh. Dein sé a dhicheall dul suas ar an gcapall ach níor b'féidir leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Riordáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí