Scoil: Gleann Beithe

Suíomh:
Gleann Beithe, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 313

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 313

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Beithe
  2. XML Leathanach 313
  3. XML “Scéalta Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fochal mar cheap sé dá bhfagfad sé é go ndeanfhadh sé a lán airgid ach é díol.
    Bhí an tórramh agus an tsocraid ann, agus níor labhair an seirbhiseach aon fhochal agus bhí an fháinne ar méir na mná.
    An oidhche i ndiaidh an torraimh do chuaidh an buachaill go dtí an reilig agus bhí sluasad ar a ngualainn agus sgian in a phóca aige.
    Do chuaidh sé suas go dtí an uaig agus thosnuig sé ag árdú an chré leis an sluasad. Fé dheire do tháinig sé go dtí an cómhrtha.
    D'osgail sé é agus chonnaic sé an corp agus an fháinne ar a mhéir.
    Do thóg sé amach an sgian as a phóca agus do ghearr sé mhéar na mná. Do thosnuig an mhéar ag chur fola agus nuair a chonnaic an buachaill
    é sin do rith sé go tapaidh agus d'fhág sé an fháinne mar a raibh sé.
    D'eirigh an bhean as an gcómhrtha agus do rith sí leis.
    Bhí a fear-chéile suidhte chois na teine ag léigheamh páipéir. Do chuala sé cnag ar an ndorus. D'eirig sé agus d'oscail sé an doras, agus cé bhí ann, ach an bean. Do thuit an fear ar an úrláir in iongnadh ach fé dheire do tháinig sé cuige féin.
    Ní raibh an bhean marbh ach bhí sí i dtáim shuan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT0990: The Seemingly Dead Revives
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Súilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chora, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Gráda
    Inscne
    Baineann
    Aois
    81
    Seoladh
    Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí