Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 928
- XML “An Táilliúir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ngeóbhadh sé sgilling is reúl agus uaireannta eile b'fhéídir ceithre pingine. Lá amháín cuaidh an tailliúir sin go Tráighlí. Ar siubhal a bhí sé. Ar tuitim na h-oidhche dubhairt sé leis féin ná raghadh sé abhaile in-aoncor. Cuaidh sé isteach i dtig éígin. D'iarr sé ar fear an tighe an bhféadhfadh sé fanúint annso anocht. Dubhairt an fear go bhfeádfhadh. Nuair a bhíodar ag dul a codhladh an oidhche sin cuaidh an táílliúir ináírde ar an lochta. Timcheall a h-aondéag a clog san oidhche, tháinig bacach go dtí an doras agus bhí sé ag cnagadh ar an ndoras ar feadh tamaill. Fé dheire chuir an táílliúir a cheann amach tríd an bhfuineóíg agus dubhairt an bacach leis an táilliúir: "An bhféadhfhainn fanúint annso anocht," agus dubhairt an táilliúir leis d'féádhfadh" act is dócha go mbeidh tú fuar ann," ag tarraing a cheann isteach as an bfuineóíg, agus isteach sa leabaid arís. Tá trí túirne in ár mbaile fearann. Tá ceann againn féin, ceann ag Seán Ó Concubhair agus ceann ag Pádruigh Ó Concubhair. Deintear geansies agus stocaí leis an snáth olann. Fadó deintí caipíní glasa dos na cailíní agus gach lá 'le Pádruig a caithtí iad.
Gerard Ó Concubhair
Fatha- Bailitheoir
- Gerard Ó Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Concubhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- An Fhaiche, Co. Chiarraí