Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)
- Suíomh:
- An Clochán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochán
- XML Leathanach 888
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an teine ar thaobh an bhóthair. Nuair a bíonn gach aoinne ag dul abhaile,tógann siad fód leó.Oidhche Shamhna, sé sin an oidhche roimh Lá Shamhna. Bíonn ana spórt againn an oidhche sin. Crochtar ubhall as na fraigheaca agus bíonn gach einne idiarraidh breith air len a bhéal. Cuirtear ubhall eile isteach i dtobán uisge agus bíonn siad ag déanamh an rud ceadhna idiarraidh breith air. Bíonn cnóthte gá imirt aca leis. Cuirtear dhá cnó isteach ins an teine agus ainm garsún agus cailín le'n a ceile, deirtear go bpósfaí an bheirt. Deintear báirghín breac agus cuirtear faine, cipín, agus píosa ceirte isteach innti agus bíonn gach éinne tré na céile féachaint cé gheobhadh na trí rudaí.
- Bailitheoir
- Diarmuid Ua Dúbhda
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Dúbhda
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Baile na Leacan, Co. Chiarraí