Scoil: Clochán (uimhir rolla 14987)

Suíomh:
An Clochán, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 811

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 811

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochán
  2. XML Leathanach 811
  3. XML “Tomhais”
  4. XML “Tomhais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fé'n talamh.
    Fr. fear agus fóid ar a cheann.
    6. Cad é an rud is sádruime sa somhan.
    Fr. Solus (Eadtrom)
    7. Cad é an rud a ritheann gan cos.
    Fr. Uisge.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. 1. Tá sé in aice na teine agus ta na céadta súile ann, act mar sin féin is maith dhúinn é d'ól.
    Fr. Pota Anbhruithe.
    2. Uillin Buidhe, Buidhe, siubhalann sí an tráigh is ní fhágan sí an claidhe.
    Fr. Grían.
    3. Bíonn sé ag corruighe is ag corruighe is ní corruigean sé ríam as an áit.
    Fr. Eirbeall mhadra
    4. Súid isteach an seó seó, súid amac an séó seó, táinig fear na gceithre gcos agus sgiob sé leis an seó seó
    Fg. Cat agus luch.
    5. Cím é is ní cíonn tusa é agus is giorra dhuit-se é ná dómhsa.
    Fr. Cúl do chinn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Muiris Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile na Leacan, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seamus Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Baile na Leacan, Co. Chiarraí