Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 644
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach. D'fíafraidh sé do Shiobháinín cad a bheadh aca leis na prátaí. "Cad a headh againn leó ach salann is uisge," arsa Siobháinín" "Nar mheasas gur bé seo an chead lá "scrob líath an Earraigh", agus cad na thaobh nár chuiris síos bluire de'n fheol ag beirbhiu". "Ara thugas do "Scían na Coise Duibhe" í, arsa Siobháinín. "Ó," arsa Dómhnailín "táimíd creachta". Do rith sé amach na dhíaidh Scíain, do rith Siobháinín na dhíaidh. Dúbhairt Dómhnáilín leithí an doras a tharrac amach na díaidh. Cad a dein sí ach an doras a tharrac as na bucáin. Cad a chonnaiceadar ach gadaí fé chrann agus íad ag chomhaireamh airgid. Do ritheadar suas crann. Do chaith Siobháinín an doras anuas ortha. "Ó tá an spéir ag tuitim," arsa na gadaighthe. Do ritheadarleó agus tháinig Siobháinín agus Dómhnailín anus agus fuaradar an t-or go léir.
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Muirchearthaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lios na Caolbhuí, Co. Chiarraí