Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 216

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 216

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 216
  3. XML “Sióga”
  4. XML “Scéilín Eile - Sióga”
  5. XML “Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gan stad. Tháinig na comharsain ar a tuairisc agus "Clára" in a measc. Dubhairt Clára nár cheart don mhnaoi an leanbh do thógaint amach chómh déanach san ist oidhche. Chuaidh sí amach agus bhain sí luibh éigin - bheirbh sí é agus thug don leanbh le n-ól. Leighiseadh an leanbh láithreach, agus ba mhó duine nách í a leighis an Clára céadhna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear ar an Mináird Thiar fadó. Do sheol sé a chapall ana dhéanach oidhche siar go dtí an gob, in aice an bhaile. Bhuail an scata daoine leis sa tslighe - labhair duine leis agus dubhairt"Na bí amuich chómh déanach so go deo airís." Dubhairt sé leis go gcaithfidís féin (an sluagh sidhe) dul anois thar Mám na nDúnta agus as san go dtí Crosaire na nGarraidhthe fá chúig noimeataí.(turas 30 míle)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Fadó do bhíodh muinntir na h-áite seo ag bailiú feamnaighe ist oidhche thiar i mBéal an Chuain mar ná raibh aon chuir amach an uair sin ar an saghas leasú talmhan eile. Chuaidh fear ón mbaile siar oidhche agus thug a mhac óg leis mar chuideachtain. Nuair a shroiseadar bruach na h-abhann in aice na trágha chualadar pramsáil an chapaill ar an dtaobh eile fá mar a bheadh sé a d'iarraidh teacht treasna chughtha. Do ghaibh scannradh an fear bocht mar bhí fhios aige ná
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Brosnacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    55
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí