Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 284

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 284

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 284
  3. XML “File na Mine Airde - Pádruig Ó Briain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ar an Mhináird Thiar sa pharóisde seo a rugadh agus a tógadh Pádruig Ó Briain, agus is ann a cailleadh é tímcheall le trí fichid bliain ó shoin. Daoine bochta gan talamh gan seilbh a b'eadh a mhuinntir. Saor cloiche agus dionadoír chómh maith do b'eadh é, agus chaith sé furmhór d'á saoghal ag obair ar phágh a lae do mhuinntir an cheanntair seo. Do chaith sé seacht mbliana in Aimeiricé le linn a óige, ach d'fhill sé abhaile go dtí n-a áit dhúthchais cé gur bhocht an saoghal a bhí i ndán do anso.
    Bhí féith na filiochta go láidir ann, agus ba mhór an cháil a thuill sé dho féin in Iarthar Chiarraidhe le na chuid dán, "Caoineadh an Athar Eoghain O Súilleabháin, Sagart Pharóisde an Daingin, an píosa filíochta ba thábhachtaighe a chúm sé. Tá an dán fá chló sa leabhar san "Duanaire Duibhneach," ach is truagh go bhfuil furmhór a chuid dán dearmhadta ag na daoine. Is mó bhéarsa a chúm sé ag moladh daoine maithe agus áiteanna deasa srl, ach is minic leis a a thugadh sé leadhb d'á theangain do dhaoinibh suaracha ná'r thaithn leis.
    Fear ana naomhtha do b'eadh é. Deireadh sé an Choróinn Mhuire do'n bpobal roimh aifrionn gach Domhnach i sáipéil Liospóil. Ní raibh turas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge