Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 448

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 448

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 448
  3. XML “Cath Cham an Áir”
  4. XML “Tobac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 'Sé an Struicín an beann is aoirde de'n sreath sliabh atá ar an dtaobh thuaidh de'n bparóiste seo. Téidheann daoine go dtí 'na barr agus ní dhearmhadann siad cuaird a thabhairt ar "Cham an Áir"- Cam atá ar an dtaobh thuaidh de'n mbeann. Cam caol fada 'seadh é go bhfuil trí locha ann- Locha Cham an Áir.

    Tugadh an ainm sin air mar gheall ar an dtroid agus an tÁr a thárluig ann fadó riamh. Is minic a gheibheadh daoine saighde adhmaid caithte ar fuaid na h-áite. Iargcúltacht na h-áite fá ndeara iad bheith ann chomh fada san. Dubhairt Tomás Ó Súilleabháin ó Mináird Thoir liom gur minic a fuair a athair féin 'arrows' ann nuair a bíodh sé ag aodhaireacht i gCam an Áir le linn a óige.
    Seanfhocal mar gheall ar Cath Cham an Áir:- "Cath na bhfionn, Cath na bhfiann, sé an cath is tréine dá'r tháinig riamh."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tobac: Tuairim is leath-chéad bliain ó shoin nuair a bhíodh an tobac gann agus ró dhaor dos na daoine bochta do bhainidís úsáid as plannda ar dtugtar an Spúnc. Tá duilleoga móra ar an bplannda so ar nós Purgóid Manach. Dheinidís na duilleoga do shábháil agus do thriomú agus d'fhilleadh ar a chéile i bhfuirm Cigar.
    Dheinidís bruscar de bhlúirín tobac agus chuiridís isteach 'á leaghadh i gcupa uisce é. Chuiridís an cigar Spúinc isteach san uisce agus d'fhágaidís ann é go dtí go mbíodh blas an tobac súighte isteach aige.
    Ansan thriomuighdís é agus bhíodh sé oireamhnach ansan chun é chur sa phíp.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    2. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Míchéal Ó Cinnéide
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Na Dúnta Thoir, Co. Chiarraí