Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 229

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 229

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 229
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí lanamha ann fadó agus bhí aon bhó amháin acu. Siobháinín agus Domhnaillín ab'ainm dóibh. Lá amháin nuair a bhí an fear ag dul chun oibre dubhairt sé le na mhnaoi paiste féir d'fhághail don mboin. Nuair a bhí sé imthighthe chuaidh an bhean amach féachaint an bhfhaghadh sí aon áit go raibh féar maith ag fás ann. Bhí ana chuid féir anáirde ar an dtig agus chuir sí an bhó anáirde ann. Do chuaidh an bhó síos tré dhíon an tighe agus marbhuigheadh í.
    Nuair a tháinig Dómhnall abhaile é dubhairt sé le na mhnaoi an bhó a chur i gcoiméad agus go gcuirfidís cuid de ag beiriú in éinfeacht le cabáiste. Agus é imthighthe ag obair an tarna lá cad a dhein Siobháinín ach an bhó do ghearradh suas agus í a chaitheamh amach sa gharraidhe mar leasú ar an gcabáiste. Nuair a tháinig Dómhnall abhaile d'iarrsé ar Shiobháinín píosa den bhfeoil a thabhairt do, ach dubhairt sise leis gur chaith sí amach é mar leasú ar an gcabáiste.
    Dubhairt Dómhnall go rabhadar briste anois agus go raibh sé chómh maith acu bheith ag imtheacht, Lár na bháireach d'imthigheadar leo. Sar ar fhágadar an tig dubhairt Dómhnall le Siobhán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT1210: The Cow is Taken to the Roof to Graze
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Núnáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí