Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 420

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 420

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 420
  3. XML “Bóithre an Pharóiste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. BÓTHAR a' CHAPTAEN
    ó Mináird Thoir go Garrdhaí na dTor. É ana árd. Fuair sé a ainm ó'n gCaptaen Égar a bhí mar ceannphort ar Ghárdaí an Cósta a bhí 'na gcomhnuidhe ar an Mináird Thoir ceithre fichid bliain ó shoin. D'aistrigheadhar go dtí an staisiún nuadh in aice an Chaisleáin 'na dhiaidh san.

    * * *

    BÓTHAR na gCAT: - ó'n Eaglais thar an sliab go dtí
    CAM a' LONNDEAIG - i bparoisde Liospóil. Bhíodh cait fiadhaine ann tráth.

    * * *

    BÓTHAR a CHUILÍN
    é i bhfuirm cuilín - bóthairín ins na Dúnta é.

    BÓTHAR na gCLOCH - sna Dúnta é ana gharbh

    * * *

    BÓTHAR SHEÁIN ÓIG
    botháirin cumhang ón mbóthar mór i mBaile na Saor Beag go Gort na gCuileannach

    BOTHAIRÍN HOGAN
    ó Ghleann na Mináirde go Mináird Thoir

    BOTHAIRÍN DHONNCHA - sna Dúnta
    BOTHAIRÍN LARRY - ó'n scoil go dtí Cill Mhuire

    * * *

    AN BÓTHAR NUADH
    ó Mináird Thoir go dtí an Caisleán

    DROIM a' DOIRE
    an sean bhóthar go dtí an Caisleán

    BÓTHAR a Ghraibhthín
    ó Bhaile na Saor go dtí Mám a' Ghurráin

    * * *

    Bóthar na mBróg:-
    In-aice an Daingin - an sean bhóthar ar and dtaobh thoir. Is annso do chuireadh na mná a mbróga ortha agus iad ag siubhal go dtí an Daingean.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
        2. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge