Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 226

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 226

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 226
  3. XML “Leac Shiobhán na nGeimhleach cois na Trá Bige i bParóiste Lios Póil”
  4. XML “Tobar Naomh Eoin Baiste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tobar Naomh Eoin Baiste.
    Tá an tobar beannuighthe seo suidhte in aice le Bágh an Daingin, cúpla céad slat taobh thiar de Chaisleán na Mináirde. Tá an cháil ar an dtobar seo, agus tagann na sluaighte daoine chun an turas do thabhairt ann ar an 29adh de Lughnasa gach bliain. Tá leigheas go speisialta ann do dhaoinibh go bhfuil tinneas cinn ag cur ortha, ach deirtear go ndeineann an turas seo maitheas do gach aoinne, is cuma cad é an aicíd no máchail atá air.
    Tá sé ráidhte annso gur leighiseadh cailín ann trí fichid bliain ó shoin agus gur mhiorbhúilt an leigheas céadna. De mhuinntir Chinnéideach an cailín seo-- inghean do "Sheán a' Bháid" ós na Dúnta i bparóisde seo na Mináirde. Bhí an cailín bocht as a meabhair uair agus bhí daoine ag tabhairt aire dhi ar feadh tamaill. D'éaluigh sí uatha oidhche agus chaitheadar an oidhche 'á lorg. Ar maidin cá bhfhuaireadar í
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí