Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 293

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 293

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 293
  3. XML “Paidreacha”
  4. XML “Comhrá na mBithiúnach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Agus tógaidh sinn go h-árd, mar a bhfuil bantracht Muire, go bhfeicimís Rí na nGrást,
    Íosa fuair aoisbirt Dia hAoine ar chrann,
    Agus do leigeadh do ghéaga leat síos go fonn,
    Réithleann na maodharga fém' cheann,
    A Dhia ghléigil tair taobh lem' chroidhe agus fan ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Cómhrádh na mBitheamhnach
    Eibhlín, bean Uí Shuilleabháin, Mináird Thoir
    Bhí sagart ag dul ar ghlaodhac breoidhteachta fadó nuair bhuil scata bitheamhnach leis. Stopadar é agus dubhradar leis a chuid airgid a thabhairt dóibh nó go mbeadh a anam acu. Dubhairt sé ná raibh aon airgead anois aige ach aga a thabhairt do go raghadh sé abhaile agus go gcuirfeadh sé a bhuachaill aimsire ag triall ortha le gach pingin airgid a bhí sa tig aige. Tréis dul abhaile dho bhailig sé chuige a raibh d’airgead aige, scríg sé síos an chainnt seo leanas, agus chuir a bhuachaill aimsire leo go dtís na gaduidhte:-
    Comhairle a bheirim díbh gan chealg óm’ chroidhe
    A ghasradh ghrinn an éachtaig,
    Stadaidh feasta de’n olc ‘tá le fada bhur lot
    Is leanaídh an tóir naomhtha,
    Féachaidh cé thriall ar imthigh rómhaim riamh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
      2. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Mhin Aird Thiar, Co. Chiarraí