Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 260

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 260

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 260
  3. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seana-Cheárdanna.
    i: Déanamh Coinnle: Go dtí dachad bliain ó shoin bhíodh muinntir na h-áite seo ag déanamh a gcoinnle féin. Nuair a mharbhuightí bó nó bulán nó caoire bailightí an saill i gcóir na gcoineall. Deintí an gheir do leigheadh. Bhíodh múnla déanta do stán na luadh ins gach tig. Cuirtí snáithín chadáis tríd an múnla agus amach tré pholl 'na bhun, agus snaidhm ar sa taobh amuigh. Ag béal an mhúnla bhíodh lúb ar an snáithín, tairnge tríd an lúb i dtreo go mbíodh an snáithín go daingean. Scaoiltí an gheir leighte isteach sa mhúnla agus bhíodh an snáithín mar bhuaiceas trí na lár. D'fhágaidís ann é go gcruadhfadh sé. Do sháidhidís
    an múnla isteach in uisce te go ceann nóimite agus ansan thairrigighdís amach an coinneall. Dheinidís mórán díobh mar an gcéadna.

    ii: An páideóg:
    An saghas lampa a bhíodh acu. Píosa stáin agus déanamh fó chupain air. Geir leachta nó íle ann. Bhíodh geitire scúibhte tumtha ins an gheir agus lasaidís an cheann eile de.
    iii: Ciseáin:
    De thuigtí agus sliotharnaig do dheinidís iad. Bhiodh boscaedí acu chun uibheacha do bhreith go dtí'n siopa. Birdeóga : chun prátaí do chnuasach ionnta, nó chun prátaí do nighe ionnta a usáidtí iad. Chun na boscaédí agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Bhánóg Bheag, Co. Chiarraí