Scoil: Mín Árd

Suíomh:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml. Ó Caomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 224

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 224

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Árd
  2. XML Leathanach 224
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”
  4. XML (gan teideal)
  5. XML “Leac Shiobhán na nGeimhleach cois na Trá Bige i bParóiste Lios Póil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    uisce do thinneas cinn.
    Tobar Fionán: Tugtar turas ar an dtobar so Lá 'le Fionán. Deirtear go bhfuil leigheas sa tobar so do gach galar. Tugann mórán de mhuinntir na h-áite seo an turas agus tá an áit ana bheannuighthe. D'á thriomacht a thagann an aimsir níor chuaidh aon cheann des na toibreacha seo indísc riamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Ba bheannuighthe an áit í Ceann Árd a bparóisde Liospoil blianta ó shoin.

    Ba bheannuighthe an áit í Ceann Árd i bparóisde Liospóil blianta ó shoin. Do labhair an sagart ó'n altóir i Séipeál Liospóil uair agus 'sé rud a bhí i gceist aige ná gur cuireadh duine éigin i dTeampall Chinn Áird ná raibh 'na Chaitlicigh,
    agus bhí sé ar buile 'na thaobh. Bhí fear siubhal ag éisteacht leis, d'eirig 'na sheasamh agus dubhairt :- "Fóil, a shagairt agus na h-abair aon rud.
    Ar Cheann Árd aerach gur thuirling naomh ann,
    Má tá duine curtha ann gan creideamh gan daonacht
    Agair ar féin e agus ná h-agair ar an bpobal go léir é".
    Níor labhair an sagart a thuille ach thug sé a bheannacht do'n bPobal.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Leac Shiobhán na nGeimhleach cois na Trá Bige i bParóiste Lios Póil.
    Timcheall céad caogadh bliain ó shoin bhí aicíd uathbhásach ar a dtugtar an Cholera ag teacht ar na daoinibh agus bhíodar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cinn Aird Iarthach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Nic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Bhánóg Bheag, Co. Chiarraí